Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.
Oír ni ní díaṁaoin duitsi é; de ċionn gur bé do ḃéaṫa é: agus is leis an ní si ḟaideoċṫa tú do láeṫe san dúiṫċe, a ḃfuil tú ag dul a nonu tar Iordán da ṡealḃuġaḋ.
As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.