12 A núair ṡiuḃolus tú, ní cuṁgoċṫar do ċoiscéime; agus a núair riṫios tú, ní ḃfuiġe tú tuisleaḋ.
Do ḟairsingiḋ tú mo ċoiscéime fúm; ionnus nar ṡleaṁnuiġeadar mo ċosa.
Atá síoṫċáin ṁór don luċt ġráḋuiġeas do ḋliġeaḋsa: agus ní ḃfuil ceap tuisliġe na naġaiḋ.
Agus siuḃolad go fairsing: óir do lorgair mé haiṫeanta.
Fairseonguiḋ tú mo ċoiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo ṡála.
Ann sin tuigfiḋ tú fíréantaċt, agus breiṫeaṁnus, agus coṁṫrom; fós, gaċ uile ḋeaġṡliġe.
Ann sin siuḃoluiḋ tú ann do ṡliġe go daingean, agus ní ḃfuiġe do ċos tuisleaḋ.
Atá sliġe na gciontaċ do nós an dorċadais: níor ḟeadadar cred ó ḃfuiġid tuisleaḋ.
A núair ṡiuḃolus tú, tréoroċuiḋ sin ṫú; a nuáir ċoideolus tú, coiṁéadfuiḋ ṫú; agus a nuáir ṁúiscéolus tú, laiḃeoruiḋ sé riot.
Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.
Agus cloċ oilḃéime, agus carruic ṫuisliḋ, don druing ḃíos casúṁal, do ġeiḃ oilḃéim fán mbréiṫir: ċum ar hórduiġeaḋ fós íad.