Giḋeaḋ éistiġ re gúṫ an TIĠEARNA, siḃsi a ṁná, agus glacaḋ ḃur cclúas focal a ḃéil, agus múiniġ cáoineaḋ dá ḃur ninġeanuiḃ, agus gaċ áon dá ċoṁarsoin núallġúḃa.
Ċor go ḃfaduiġṫe ḃur láeṫe, agus láeṫe ḃur ccloinne, an sa dúiṫċenoċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ, mar laéṫe niṁe ar an ttaluṁ.
¶ Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot; ċor go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe, agus go raċaḋ go maiṫ ḋuit, annsa dúṫaiġ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.
Ionnus go mbía eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus go ccoiṁeudfá a reaċda uile agus a aiṫeanta, noċ ḟúagruimsi ḋuit, ṫú féin, agus do ċlann, agus clann do ċloinne, ar feaḋ do ṡáoġuil; íonnus go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe.
Ar a naḋḃarsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breiṫ ḃuíḋeaċais ré Día, do ḃríġ, ar ngaḃáil ḃréiṫre Dé ċuguiḃ noċ do ċúalaḃair uáinne, gur ġaḃaḃair ċuguiḃ é ní mar ḃréiṫir ḋáonna, aċd (do réir mar atá sé go fírinneaċ) mar ḃréiṫir Dé, noċ fós oibriġeas ionnuiḃse an drung ċreideas.
As fírinneaċ an ráḋ, agus as fíu é ar gaċ éunċor gaḃáíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoġal ċum peacṫaċ do ṡlánuġaḋ; agá ḃfuilimse um ċeann orrṫa.