Atáid do ṗrionnsaḋa cogṫaċ, agus na ccompanaċaiḃ ag gaduiġṫiḃ: is ionṁuin le gaċ uile ḋuine cuṁa, agus imṫiġid a ndiáiġ na luáiġeaċt: ní ḃreaṫnuiġid an dilleaċda, agus ní ṫig cúis na bamtreaḃuiġ ċuca.
Aċt lé firéantaċd ḃreiṫneoċuiḋ sé na boiċd, agus aiṫḃeoruiḋ sé le coṁṫrom ceannsuiġṫe na talṁan: agus buáilfiḋ sé an talaṁ le slait a ḃéil, agus lé hanáil a ṗuisineaḋ ṁuirfeas sé na cionntoiġ.
A ṫiġ Ḋáiḃi, is marse a deir an TIĠEARNA; Déan breiṫeaṁnus ar maidin, agus tárṫuiġ an té do milleaḋ amaċ as láiṁ an ṁilltéora, deagla go raċaḋ mfearg amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ ċor naċ ḃféadfaḋ áonduine a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁ.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Déanuiḋ breiṫeaṁnus agus fíréantaċ, agus sáoruiḋ an díoġḃálaċ as láiṁ an diḃḟeirgiḋ: agus nadé anuiḋ éagcóir, na déanuiḋ éigion ar an ccoiṁṫiġeaċ, ar an ndilleaċda, no air an mbaintreaḃuiġ, agus ná dóirtiḋe fuil neiṁċiontaċ annsa náitsi.
¶ Féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttoigfe mé do Ḋáiḃi Beangán fíréunta, agus ríġfiḋ Ríġ, agus béara sé buáiḋ, agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus ceart annsa talaṁ.
Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ.
Ar a naḋḃarsin, a ríġ, gaḃ mo ċoṁairlesi, agus bris díot do ṗeacuiḋe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiuġaḋ trócaire do na boċdaiḃ; más faduġaḋ ar do ṡíoṫċáin é.
¶ Ní ḋéantáoi éacceart a mbreiṫeaṁas: ní ṁeasfuiḋ tú pearsa an ḃoiċd, agus ní onórfuiġ tu pearsa an ċuṁaċduiġ: a ḃfíreantaċd do ḋéana tú breiṫeaṁnus ar do ċoṁarsain.
¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.
Agus do ċuir mé an tansin dúalaċ ar ḃur mbreiṫeaṁnuiḃ, gá ráḋ, Eístíġ na cúisionna idir ḃur ndearḃraiṫreiḃ, agus beíriḋ breaṫ go ceart idir gaċ éanduine agus a ḋearḃraṫair, agus an coiṁiḋṫeaċ ḃías na ḟoċair.
Agus do ċonnairc mé neaṁ osguilte, agus féuċ eaċ ban; agus a sé dob ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air Díleas agus Fírinneaċ, agus is do réir ċeirt do ní breiṫeaṁnus agus cosgaḋ.
¶ Agus do laḃair Ionatan go maiṫ ar Ḋáiḃi re na aṫair, agus á daḃairt ris, Ná peacuiġeaḋ an ríġ a naġaiḋ a ṡearḃḟoġantuiġe, a naġaiḋ Ḋáiḃi; do ḃríġ naċ ndéarna seison coir ad aġaiḋsi, agus do ḃríġ gur ro ṁaiṫ do ḃadar a oibreaċa ar do ṡon: