7 Iḃioḋ sé deoċ, agus dearmuideaḋ sé a ḃoċtuine, agus ná cuiṁníġeaḋ sé a aṁgar ní is mó.
Do ḃriġ go ndearmadfa tú hanacra, agus go ccuiṁneoċuiḋ tú í mar a nuisce imṫiġios roiṁe:
Noċ do ġáirdiġios croiḋe an duine re fíon, ḃeir ar aġaiḋ deálruġaḋ re hola, agus neartuiġios croiḋe an duine re harán.
Taḃraiḋ deoċ láidir don tí atá réiḋ ċum dul a muġa, agus fíon don druing ḃíos tromċroiḋeaċ.
Oscuil do ḃéul ar son an duine ḃailḃ a ccúis a nuile ḋuine do cinneaḋ ċum aiḋṁillte.
Agus ná bíġiḋ ar meisge ó ḟíon, iona ḃfuil cráos; aċd bíġiḋ ar ḃur líonaḋ don Sbioruid;