Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah.
Agus tárla, a núair do ċúala Ben‐hadad an teaċdaireaċdsa, (mar do ḃí sé ag ól, é féin agus na ríġṫe oile ánsna páilliúnuiḃ), go nduḃairt se ré na ṁuinntir, Gluaisiġiḋ. Agus do ġluaiseadar a naġaiḋ na caiṫreaċ.
¶ Ar an seaċdṁaḋ lá, a nuáir do ḃí croiḋe an ríġ súgaċ ó ḟíon, daiṫin sé do Ṁehuman, do Ḃista, do Harbona, do Ḃigta, do Abagta, do Ṡeṫar, agus do Ċarcas, an móirṡeisior seomradóiriġ dfoġnaḋ a ḃfiaġuúise an ríġ Ahasuerus,
Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.
¶ Fós mar an ccéadna, do ḃríġ go cciontuiġionn sé le fíon, is duine úaiḃreaċ é, ní mó ḟanas sé annsa ḃaile, noċ ḟoirleaṫnuiġios a ṁían mar itrionn, agus go ḃfuil mar an mbás, agus naċ ḟéidir a ṡásaḋ, aċt go cruinniġionn sé ċuige gaċ uile ċineaḋ, agus go ccárnann sé a nuile ṗobal ċuige: