An tí do rinne goid ná gadah ní sá ṁó: aċd go maḋ luáiṫe ḋeánas sé sáoṫar, ag oibriuġaḋ maiṫeasa ré na láṁuiḃ féin, ionnus go mbíáḋ ní aige ré ṫaḃairt don tí air ḃfuil ríaċdanus.
Oír ní scarfuid na boiċt ċoiḋċe ris a ndúiṫċe: uimesin cuirimsi dríaċuiḃ ortsa, ḋá ráḋ, Oisceola tú do láṁ go fairsing dot ḋearḃraṫair, dot ḃoċd féin, agus dot ríaċdanaċ féin, ann do ḋúiṫċe.