18 Moṫuiġ sí gur maiṫ a ceann-niġeaċt: ní ṫéid a coinneal as san noiḋċe.
Mar so do ḃí mé; san ló do ṡeargaḋ an tiormaċ mé, agus an sioc sa noiḋċe; agus do ḋealuiġ codlaḋ rém ṡuiliḃ.
Tigid a ṁic ċum onóra, agus ní ḃí a ḟios sin aigesion; agus cuirṫear síos íad, aċt ní ḃeir seision aire orra:
Is díoṁaóin díḃsi noċ éirġios go moċ ṡiġios go deiġionaċ, noċ íṫios arán an doilġiosa: marsin do ḃéaraiḋ sé codlaḋ dá ḟior gráiḋ.
Criosluiġ sí a leasraċ le neart, agus neartuiġ sí a riġṫeaċa.
Cuiriḋ sí a láṁa air an maide sníoṁa, agus congṁaiḋ a láṁa an ċoigéul.
Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.