A nois do ḃi ag sagart Ṁídian móirṡesior inġean: agus tangadur agus do ṫairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do ṫaḃairt uisge do ṫréad a naṫar.
Agus ḃur ndiṫċioll do ḋéunaṁ ré ḃeiṫ ciúin, agus re ḃur ngnoṫuiġiḃ féin do ḋéunaṁ, agus ré sáoṫruġaḋ ḋíḃ ré ḃur láṁuiḃ féin, do réir na naiṫeantaḋ ṫugamairne ḋíḃ;
Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair.
Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc.
Marsin dfan sí go cinnte a ḃfoċair ċailíneaḋ Ḃoas do ḋioġlum go deireaḋ foġṁair na heórna agus ḟoġṁair na cruiṫneaċda; agus do rinne sí coṁnuiġe a ḃfoċair a maṫairċleaṁna.