10 Cía ḟéadas bean ṡuḃailceaċ dfaġáil? óir atá a lúaċ a ḃfad ós cionn péarlaḋ.
Ní tiucfuiġṫear ṫar críoḃél, nó ṫar ṗéarluiḃ: óir atá lúaċ na crionnaċda ós cionn na ccloċ mbúaḋa.
An ḃean ṡuḃailceaċ is coróin dá fear í: aċt an ḃeán náiriġios é is loḃaḋ iona ċnáṁaiḃ í.
Cuiriḋ gaċ aóinḃean ċríonna a tiġ súas: aċt leagaiḋ a namaid síos é le na láṁaiḃ féin.
Giḋ bé ġeiḃ bean do ġeiḃ sé ní maiṫ, agus gnoḋuiġ sé faḃar ón TTIĠEARNA.
Tiġ agus saiḋḃrios isé oiġreaċt a naṫar: agus is ón TTIĠEARNA atá an ḃean ġlic.
Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.
Is mórluáiġ go mór í náid na cloċa uaisle: agus na huile neiṫe is áoiḃinn leaċd ní coiṁmeas ría íad.
Cuiriḋ croiḋe a fir a ḋóiġ go daingionn inte, iondus naċ bia ríaċtanas re creiċ aige.
Oír is fear a neagna náid na cloċa búaḋa; agus na huile neiṫe is féidir do ḋúiliuġaḋ ní hionċoiṁmeasta ría íad.
Noċ atá manam díarruiḋ fós, aċt ní ḟaġaim é: fuáir mé aóinḟear a measg míle; aċt bean na measg sin uile ní ḃfuáir mé.
Agus a nois, a inġean, na bíoḋ eagla ort; do ḋéaná misi ḋuit gaċ éanní íarrus tú: óir atá a ḟios ag caṫair mo ḋáoineáḋsi uile gur bean ṡuḃailceaċ ṫú.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.