9 Deagla go mbéinn lán, agus go séunfuinn ṫú, agus go naibeoruinn, Cía hé an TIĠEARNA? nó deagla go mbéinn boċt, agus go ngadfuinn, agus go ttiuḃruinn ainm mo Ḋé go díoṁaóin.
Agus a duḃairt Ṗárao, Cía hé an TIĠEARNA da nuṁloċuinnsi ḋá ġlór, as a léigfinn Israel dimṫeaċd? ni haiṫnid daṁsa an TIĠEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimṫeaċd.
A sáruġaḋ agus a mbréagaiḃ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus a nimṫeaċd ar siuḃal ó ar Ndía, ag laḃairt leaṫtruim agus easuṁla, ag tionnscnaṁ agus ag laḃairt ó ċroiḋe bríaṫra bréagaċa.
O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ḋearmuid tú misi, agus gur ṫeilg tú táoḃ siar ḋíot mé, unnesin iomċuir ṫusa huallaċus féin agus do stríopaċus.
Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.
Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go néistfé guṫ mionn, agus go mbía na ḟiaḋnuisi, an ḃfacaiḋ nó nar ḟionn sé an ní; muna ḟoillsíġe sé é, annsin iomċóruiḋ a ċoir.
Oír a nuáir do ḃéara misi don tír íad, noċ do ṁionnuiġ mé dá naiṫriḃ, atá lán do ḃainne agus do ṁil; agus íosuid siad agus líonfuid íad féin, agus ḟasfuid méaṫ; annsin iompóċuid ċum dée oile, agus foiġeonuid dóiḃ, agus cuirfid fearg ormsa, agus brisfid mo ċunnraḋ.
¶ Aċ do reaṁruiġ Iesurun, agus do ṗreab sé: do reaṁruiḋ tusa, do ṁéatuiġ tú, atá tu foluiġṫe ré saill; ansin do ṫréig sé Día do rinne é, agus do ḋímeas Carruicc a ṡlánuiġṫe.
Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, Féaċuiḋ, biáiḋ an ċloċso mar ḟiaḋnuisi aguinn; óir do ċúala sí bríaṫra an TIĠEARNA uile noċ do laḃair sé rinne: biáiḋ sí ann sin mar ḟiaḋnuisi oruiḃsi, deagla go séanfaḋ siḃ ḃur Ndía.