Agus tug Iácob móid, ag ráḋ, Má ḃíonn Día liom, agus go ccuiṁdeaċa mé san turus a ḃfuilim ag dul, agus go ttiuḃra ḋaṁ arán ré a iṫe, agus eádaċ re ċur umum,
Agus a nuáir do ċonncadar clann Israel é, do ráiḋeadar an duine re a ċéile is Manna é: óir ni raiḃ a ḟios aca créad é. Agus a duḃairt Maóise ríu, Ag so tarán ṫug an TIĠEARNA ḋaóiḃ ré iṫé.
Agus a nuair do ṫoiṁseadar é le omer, an té do ċruinniġ iomarcuiḋ, ní raiḃ éainni dá ḃárr aige, agus an té do ċruinníġ beagan, nior ṫeasda éainní uaḋ: do ċruinniġ gaċ áon acá do réir mar do íosaḋ sé.
Féuċ, ar a ṡon so tug an TIĠEARNA an tsábóid ḋáoiḃ, uime sin do ḃeir sé ḋáoiḃ air an seiseaḋ lá arán ḋa lá: fanaḋ gaċ áon aguiḃ na áit, ná héirgeaḋ einneaċ aguiḃ amaċ as a áite air an seaċdṁaḋ lá.
Ní ġoireann áonduine ar ċeart, agus ní ṫagrann aoinneaċ ar son firinne: dóṫċusuiġid síad a ndíoṁaóineas, agus a deirid bréaga; tionnscnuid dioġḃáil, agus beirid amaċ éigceart.
Annsin daiṫin Sedeciah an ríġ go ccuirfedís Ieremiah a láiṁ a ccúirt an ṗriosúin, agus go ttugaidís ḋó go láeṫeaṁuil cuid aráin as sráid an ḃáicéir, nó go ccaiṫí arán na caiṫreaċ uile. Marso dfan Ieremiah a ccúirt an ṗríosúin.
Agus ag ráḋ, A ḋáoine, créud fá a ndéantáoi na neiṫese? Oir is dáoine sinnse féin, cosṁail a ḃfulangṫaiḃ riḃse, ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ fileaḋ ó na neiṫiḃ dioṁáoineaċsa ċum Dé ḃí, noċ rínne neaṁ, agus talaṁ, agus a nfáirge, agus na huile neiṫe atá ionnta: