32 Má rinne tú go leaṁ ann ṫú féin do ṫógḃáil súas, nó má smuáin tú olc, leag do láṁ air do ḃéul.
Féuċuiḋ orumsa, agus bíoḋ iongnaḋ oruiḃ, agus leagaiḋ ḃur láṁ air ḃur mbéul.
Féuċ, atáim truáilliġ; cred ḟreagorus mé ḋuit? leacfa mé mo láṁ air mo ḃéul.
An tamadán féin, a nuáir ḃíos sé na ṫoċd, meastar críonna é: agus an té ḋruidios a ḃéul bí sé measta na ḋuine ṫuigsionaċ.
An ḃfaicionn tú duine críonna iona ḃaraṁuil féin? is mó an dóiġ is cóir do ḃeiṫ an amadán ná as.
Cú; poc gaḃair fós; agus ríġ, naċ féidir cur na aġaiḋ.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.