A ṁic an duine, tóig súas núalġubba ar son Ṗárao ríġ na Hégipte, agus abair ris, Is cosṁuil ṫú ré leoṁan óg do na cineaḋaċaiḃ, agus atá tú mar ṁíol ṁór annsna fairgiḋiḃ: agus ṫáinic tú amaċ led ṡroṫaiḃ, agus do ḃuáiḋir tú na huisgeaḋa led ċosaiḃ, agus do ṡaluiġ tú a naiḃne.
¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
Féuċ, éireoċuiḋ an pobal súas mar leoṁan ṁór, agus tóigfiḋ é féin súas mar leoṁan óg: ní luidfiḋ sé síos nó go niṫiḋ don ċreiċ, agus nó go niḃiḋ fuil na marḃ.
Agus a duḃradar daoine na caiṫreaċ ris an seċdṁaḋ lá suil do ċuáiḋ grian fáoi, Cread is millse ná mil? agus cred is láidre ná leoṁan. Agus a duḃairtsion riú, Muna ttreaḃaḋ siḃsi lem ċolpuiḋsi, ni húaisceolaḋ siḃ mo ṫoṁas.