¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.
Guiḋim ṫú, na tugaḋ mo ṫiġearna, toraḋ ar an té so do ṁuinntir Ḃélial, eaḋon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm ḋó, agus leiṁe atá aige: aċd misi do ḃanóglaċ ní ḟaca mé ógánuiġ mo ṫiġearna noċ do ċuir tú úait.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.
¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuċ, do ḃádar ar feaḋ na talṁan leaṫnuiġe, ag iṫe agus ag ól, agus ag daṁsa, ar son ṁéid na héadála ṫugadar léo amaċ as críċ na Ḃṗilistineaċ, agus as tír Iudah.