¶ Annsin a duḃairt misi, A ṁairg ḋaṁsa! óir atáim millte; do ċionn gur duine do ḃéul neaṁġlan mé, agus go náitreaḃuim a measg daóine ḃéul neaṁġlan: óir do ċonncadar mo ṡúile an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ.
Is ḃrúideaṁuil gaċ uile ḋuine íona éolus féin: do claóiḋeaḋ gaċ uile ċumadóir ann a íoṁáiġ ġreanta: óir is neiṁḟírinne a íoṁáiġ leaġṫa, agus ní ḃfuil ánal ar biṫ ionnta.
Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ.
Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.