Agus a nuáir do ċonnairc Raċel náċ rug sí clann do Iacob, do ḃí tnúṫ ag Ráċel lé na deirḃṡiáir; agus a duḃairt sí re Iácob, Taḃair ḋaṁsa clann, nó do ġeaḃa mé bás.
Uime sin dfáirsingiḋ ifrionn i féin, agus dfoscuil a béul go roṁór: agus raċaiḋ a nglóirsion, agus a niomadaṁlaċd, agus a nainṁeas, agus an té lúaṫġáirios, síos ann.
¶ Fós mar an ccéadna, do ḃríġ go cciontuiġionn sé le fíon, is duine úaiḃreaċ é, ní mó ḟanas sé annsa ḃaile, noċ ḟoirleaṫnuiġios a ṁían mar itrionn, agus go ḃfuil mar an mbás, agus naċ ḟéidir a ṡásaḋ, aċt go cruinniġionn sé ċuige gaċ uile ċineaḋ, agus go ccárnann sé a nuile ṗobal ċuige: