14 Bí gincalaċ ann a mbíd a ḃfiacla mar ċloiḋṁṫe, agus fíacla a ngíall mar sceana, do scrios an ḃoiċt don tsáoġal amaċ, agus a neasḃuiġiḋ ó ḃeiṫ a measc na ndaóine.
Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.
Atá manam a measg leoṁan: luiġim a measc druinge atá re ṫeiniḋ, eaḋon clann na ndaoine, dar ġáeṫe agus soiġde a ḃfíacla, agus gur cloiḋṁṫe géara a tteangṫa.
Marsin dfill mé, agus do ṁeas mé a nuile leaṫtrom do níṫear fá ngréin: agus féuċ déora na druinge do ḃí fa leaṫtrom, agus ní raiḃ caḃárṫaċ aca; agus air ṫáoḃ na muinntire do rinne léaṫtrom orra do ḃí neart; aċd ní raiḃ caḃarṫaċ air biṫ acasan.
Diompóġ na neasḃuiḋeaċ ó ḃreiṫeaṁnus, agus do ḃreiṫre a ceirt ó ḃoċduiḃ mo ṁuinntire, ċor go mbéid na bamtreaḃaċa na ccreiċ aca, agus go sladfuid na dílleaċdaiġ!
Raċaiḋ an TIĠEARNA ċum breiṫeaṁnuis re sinnsioruiḃ a ṗobail, agus ré na bprionnsaḋuiḃ: óir a dúaḃair súas a nfíneaṁuin; agus atá éadáil na mboċd ann ḃur ttiġṫiḃ.
Is olc fós soiṫiġiḋ an tsantuiġ: tionscnuiḋ sé droiċṫionnscanta do scrios an ḃoiċd le bríaṫraiḃ bréagaċa, eaḋon a nuáir laḃras an teasḃuiḋeaċ go ceart.
Noċ ṡéideanas déis luáiṫriġ na talṁan air ċeann an ḃoiċt, agus iompoiġios sliġe an ċeannsuiġ do leaṫṫáoiḃ: agus raċuiḋ duine agus a aṫair ċum na maiġdine, do masluġaḋ manma náoṁṫasa:
Eistiġsi an focalso, a ḃaṫ Básan, atá a slíaḃ Ṡamária, noċ ṡáruiġios an boċt, noċ ċrupas an riaċdanaċ, noċ a deir re na maiġistriḃ, Taḃruiġ, agus iḃeam.
Do ḃuáil tú ṫríd amaċ lé na ṁaideaḋuiḃ ceann na mbailteaḋ: ṫangadar amaċ mar ġáoiṫ ġuairdeáin dom scainreaḋsa: buḋ é a ngairdeaċas an boċt do ṡlugaḋ go seicréideaċ.
Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann.