Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.
Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.
Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
Ní do réir na noibriġṫeaḋ ḃfiréunnda do rinneamairne, aċd do réir a ṫrócaire féin do ṡáor sé sinn, tré ionnlaḋ na haiṫġineaṁna, agus tré aṫnúaḋuġaḋ an Spiorad Náoiṁ;
Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin,