O ḃonn na troiġṫe go nuige an gceann ní ḃfuil sláinte ar biṫ ann; aċd cneaḋa, agus brúiġte, agus créaċda loḃṫa: níor druideaḋ, agus níor ceanglaḋ súas, ni mo do bogaḋ le huinemeint íad.
Agus a nuáir do ċíṫí so, gáirdeoċuiḋ ḃur ccroiḋe, fásfuiḋ ḃur ccnáṁa aṁuil luiḃ: agus aiṫeontar láṁ an TIĠEARNA re na ṡeirḃíseaċuiḃ, agus a ḋioġaltas air a naiṁdiḃ.