Ann sin déiriġ Dáiḃi don taluṁ, agus dionnuil sé, agus do ċuir ola air féin, agus do áṫruiġ a éadaċ, agus ṫáinic go tiġ an TIĠEARNA, agus do aḋuir: ann sin ṫáinic sé ḋá ṫiġ féin; agus a nuáir do íarr, do ċuireadar arán ann a ḟiaḋnuise, agus dúaiġ sé e.
Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Agus a duḃairt Maóise ris an pobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is do ḃur ndearḃaḋ ṫainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne ḃur naġáiḋeaḋ, ionnus naċ bpeacuiġeaḋ siḃ.
Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ.