Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 3:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Ann do ṡliġṫiḃ uile adṁuiġ eision, agus do ḋéana sé do ṡliġṫe díreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 3:6
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


¶ Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Dia ar naiṫreaḋ, do ċuir a leiṫéid so a ccroiḋe an riġ, do scíaṁaḋ ṫiġe an TIĠEARNA noċ atá ann Ierusalem:


O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ.


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


¶ Agus do ċuir mo Ḋíasa ann mo ċroiḋe na huáisle do ċruinniuġaḋ a gcionn a ċéile, agus na huaċdaráin, agus an pobal, ċor go náireoṁṫaoi íad le na nginealaċ. Agus fuáir mé leaḃar ginealuiġ na méide ṫáinig a níos a ċéad uáir, agus fuáir mé scríoḃṫa annsin,


Teagosfa mé ṫú, agus múinfead ṫú san tsliġe iona ngéuḃair: do ḃéar coṁairle ḋuit ré mo ṡúil do beiṫ ort.


Díreoċuiḋ a nfíréantaċt an duine iomlán air a ṡliġe: aċt tuitfiḋ an ciontaċ le na ċiontaiḃ féin.


Cuir hobair a leiṫ an TIĠEARNA, agus daíngneoċṫar do smuáintiġṫe.


Ise croiḋe an duine ṫríallus a ṡliġe: aċt ísé an TIĠEARNA ḋíriġios a ċéime.


Ná tnúṫuiġeaḋ do ċroiḋe ris na peacaċuiḃ: aċt bí a neagla an TIĠEARNA ar feaḋ an laé uile.


Is ionnracus sliġe na ḃfíréun: coṁṫromuiġ ṫusa is ionnraca casán a nfíréin.


Agus do cluinfid do ċlúasa focal táoḃ ṡíar ḋíot, ḋá ráḋ, Sí so an tsliġe, siuḃluiġiḋ innte, a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ḋeis, agus a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ċlé.


Do ṫóg mé súas é a ḃfíreantaċt, tréoroċa mé a ṡliġṫe uile: cuirfe sé mo ċaṫair súas, agus léigfiḋ sé mo ḃraiġde amaċ, ní ar lúaċ nó ar ċuṁaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Is marso a deir an TIĠEARNA Ṫfúascaltóir, Aon Náoṁṫa Israel; Is misi an TIĠEARNA do Ḋía noċ ṁúineas duit tarḃuġaḋ, noċ ṫréorniġios ṫú annsa tsliġe ionar ċóir ḋuit gaḃáil.


¶ O a ṪIĠEARNA, atá a ḟios agam naċ ann féin atá sliġe an duine: ní hannsa duine ṡiúḃluiġios atá díorġaḋ a ċoiscéimeaḋ.


Ċor go ttaisbeanfá an TIĠEARNA do Ḋía ḋúinn an tsliġe iona ḃféadfam siuḃal, agus an ní ḟéadfam do ḋéanaṁ.


Agus is mar sin do ḃí a nuáir ḃíoḋ an néull beagán do laéṫiḃ air an tabernacuil; do réir aiṫne an TIĠEARNA do ḟanaidís iona lóistíniḃ, agus do réir aiṫne an TIĠEARNA do ġluaisidís.


Uime sin mas íṫe, nó iḃe ḋáoiḃ, nó giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, go maḋ ċum glóire Dé ḋéana siḃ na huile neiṫe.


Agus a ḃuiḋe ré Día, do ċuir an dúṫraċd céudna a gcroiḋe Ṫítuis ḃur dtimċeallsa.


Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais.


Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.


Agus giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, déunuiḋ é ó ċroíḋe, aṁuil don Tíġearna, agus ní do ḋaóiniḃ;


Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.


Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ