Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Agus is mar sin do ḃí a nuáir ḃíoḋ an néull beagán do laéṫiḃ air an tabernacuil; do réir aiṫne an TIĠEARNA do ḟanaidís iona lóistíniḃ, agus do réir aiṫne an TIĠEARNA do ġluaisidís.
Nó da maḋ ḋá lá é, nó mí, nó bliaḋuin, do ḟanfaḋ an néull ar an ttabernacuil, ag fuireaċ air, do ċoṁnuiġedís clann Israel ann a lóistíniḃ, agus ní ġluaisidis: aċd a nuáir a tógṫáói súas é, do ġluaisedís.