4 Marsin do ġeaḃa tú faḃar agus tuigsi ṁaiṫ a raḋarc Dé agus duine.
Aċ do ḃí an TIĠEARNA re Ioseṗ, agus do ṫaisbéin grasa ḋó, agus tug faḃar ḋó a laṫair ḟircoiṁéud an ṗríusúin.
Asé eagla Dé tosaċ na heagna: is maiṫ an tuigse atá acasan uile do ní a aiṫeanta: mairiġ a ṁolaḋ go bráṫ.
Gnoḋuiġiḋ an duine maiṫ faḃar an TIĠEARNA: aċt daimneoċuiḋ sé duine na ndroiċṫríall.
Do ḃeir tuicse ṁaiṫ faḃar: aċt atá sliġe na sáruiġṫeaċ cruáiḋ.
Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA.
Anois ṫug Día Dániel a ḃfáḃar agus a ngráḋ ḋúṫraċdaċ ṗrionnsa na ccailteanaċ.
Agus dó ḃí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóiniḃ.
Ag molaḋ Dé, agus ag faġáil ceana ón ṗobal uile. Agus do ċuir an Tiġearna leis a neagluis gaċ láoi, an dream do sláinéoċṫáoi.
Oír giḋ bé ar biṫ do ní seirḃís do Ċríosd ann sna neiṫiḃsi atá gean ag Día air, agus is dearḃṫa re dáoiniḃ é.
Ar mbeiṫ ḋúinn ag soláṫar ḋeaġneiṫeann, ní hé aṁáin a ḃfíaḋnuisi an Tiġearna, aċd a ḃfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna.
Agus dfiosruiġ an TIĠEARNA Hannah, ionnus gur ttoirċéaḋ í, agus go rug tríur mac, agus días inġean. Agus días an leanaṁ Samuel a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA.
Agus dfás an leanaṁ Sámuel ar a aġaiḋ, agus do ḃí a ḃfaḃar araon ag an TIĠEARNA, agus fós ag daoiniḃ.