Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.
Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.
Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.