30 Ná ceannairg ré duine gan aḋḃar, muna ndéarna sé doċar ar biṫ ḋuit.
Do ḃúail tú go deṁin Edom, agus do ṫóg do ċroiḋe súas ṫú: déana gloír ḋe so, agus fan san mbáile: óir cred as a mbúainfeá ré ní do ġoirteoċaḋ ṫú, as a ttuitfeá féin, agus Iúdah maille riot?
Bí tosaċ na ceannairge aṁail do léigfeaḋ duine uisge amaċ: uime sin léig ḋíot ceannairge, suil beansuiġṫear innte.
Téid puisíniġ a namadáin a ceannairg, agus goiriḋ a ḃéul air ḃuilleaḋuiḃ.
An té ġaḃus ṫort, agus ċuimlios re ceannairg naċ bainionn ris, as cosṁuil é ré neaċ ḃeirios ar ṁadraḋ air ċlúasaiḃ.
Corruiġ an duine feargaċ ceannairg súas, agus lionuiḋ fear na buile lé millteaċus.
Oír ní coir do ṡearḃfoġantuiḋe an Tíġearna ḃeiṫ ceannarraiceaċ; aċd ḃeiṫ ceannsa ris na huile ḋáoiniḃ, réiḋ ċum teaguisg, ag iomċar ré droċḋáoniḃ,