28 Ná habair re do ċoṁarsuin, Imṫiġ, agus tárr a rís, agus do ḃéara mé a máraċ; a nuáir ḃías sé agad attaice.
Na maóiḋ ṫú féin as an lá a máraċ; óir ní ḟeidir tú cred do ḃéaraḋ lá leis.
Cuir do ṡíol ar maidin, agus ná fill do láṁ tráṫnóna: óir níor ḟeadair tú cia ḃéaras biseaċ, so ná súd, nó an mbéid aráon coṁmaiṫ ré ċéile.
Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.
Do ċuir mé mo ċóta ḋíom; cíondus ċuirfead orum é? dionnail mé mó ċosa; ciondus ṡaileoċus mé íad?
¶ Ní ṁéallfa tú do ċoṁarsa, ní mó ṡladfas tú é: ní ḟanfuiġe agad tuarasdal an té ḟoisteoċṫar ar feaḋ na hoiḋċe go maidin.
Uime sin as a nois cuiriḋ críoċ ar a ḋéunaṁ; ionnus mar do ḃáḃair ó ṫoil ro ullaṁ ċum a ḋéunta, go maḋ haṁluiḋ sin mar an gcéadna ċuirfeas siḃ a gcríċ é don ní atá aguiḃ.
Agus do ċuir mé na dearḃráiṫreaċasa ar siuḃal, ionnus naċ bíaḋ mó ṁórḋail asuiḃsi dioṁaóin sa gcáilsi; agus go mbíaḋ siḃse ullaṁ, mar a duḃairt mé:
Máiṫ do ḋéunaṁ, ḃeiṫ sáiḋḃir a ndéaġoibriġṫiḃ, éusguiḋ fá na gcuid do ṫaḃair úaṫa, agus do róinn maille ré cumann;