Atá a gcuṁaċd mo láiṁesi doċar do ḋéanaṁ ḋuit, aċ do laḃair Día haṫar riom a réir, ag ráḋ, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú re Iácob go maiṫ ná go saiṫ.
Aṁairg don druing ṫionnscnas éigceart, agus oibriġios olc air a leabuiḋ! an tan is solus an ṁaidin, cuirid a ngnáṫ é, do ḃríġ go ḃfuil sé a ccuṁaċt a láṁ.
Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ a nduálġus do na huile ḋáoiniḃ: cánaċus don tí dar dúal cánaċus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.
Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.
Féuċ, atá túarásdal an luċ oibre do ḃean ḃur nguirt, do ċunnaiṁ siḃ úaṫa tre hengcóir, ag éiġṁe: agus do ċuádar éiġṁe an luċd búana a steaċ a gclúasaiḃ Tíġearna na slóġ.