Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 3:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Ná bíoḋ eagla ort re húaṁan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir ṫiucfas sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 3:25
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḃiáiḋ eagla air roiṁe ḋroiċscéuluiḃ: atá a ċroiḋe diongṁalta, ag cur a ḋóṫċuis san TIĠEARNA.


Ciondus tugṫar ċum neiṁni mar buḋ a móiment íad! meaṫar íad ré húaṫḃásaiḃ ṫrid amaċ.


Ní ḃía faítċios ort air eagla na hoiḋċe; nó fó na soiġde eitiollas san ló;


A nuáir ṫiucfas ḃur neagla aṁail léirsgrios, agus ṫiucfas ḃur milleaḋ aṁuil gáoṫ ġuáirdéain; a nuáir ṫiocfas aindeisi agus cuṁgaċ oruiḃ.


Daingneoċṫar a ḃfíréantaċt ṫú: biáḋ tú a ḃfad ó ḃrúġaḋ; óir ní ḃiáiḋ eagla ort: agus ó ċriṫeagala; óir ní ṫiucfa sé ad ġar.


Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.


Agus suiġfe mé a ttimċioll mo ṫiġe do ḃríġ na harmála, do ḃríġ an té ḟillios: agus niġéaḃuid luċt sáruiġṫe ar bioṫ tríoṫa ni is mó: óir a nois do ċonnairc mé lem ṡúiliḃ.


Ar a naḋḃarsin an tráṫ do ċífiḋe aḋḟúaṫṁuireaċd an léirsgrios, air ar laḃair Dániel fáiḋ, na seasaṁ ann sa nionad ċoisreagṫ: (tuigeaḋ, an té léaġas:)


Do ċluinfiṫí cogṫuiḋ agus túarasgḃáil cogṫaḋ: taḃruiḋ dá ḃur naire gan búaiḋreaḋ do ḃeiṫ oruiḃ: oír is éigin na neiṫesi uile do ṫeaċd ċum críċe, aċd ní ḃfuil deireaḋann fós.


A duḃairt sé ríu, Créd fá ḃfuiltí coiṁeaglaċ as sin? créd fá naċ ḃfuil creideaṁ aguiḃ?


Agus an tan do ċluinfiḋe cogṫa agus búaiḋearṫa, ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd air tús; aċd ní deireaḋ é fós.


Na buáiḋearṫar ḃur gcroiḋesi: creidíḋ a Ndía, agus creidíḋ ionnamsa.


Giḋeaḋ fós má ḟuilngṫiḋ ar son na firéuntaċda, atá siḃ beannuiġe: agus ná bíoḋ eagla mar a neaglasan oruiḃ, agus ná bíġiḋ buáiḋearṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ