Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu, agus do ḃéara mé air na droiċḃeaṫuiġiḃ cosc as an ttír: agus áitreoḃuid go daingion annsa ḃfásaċ, agus coideoluid annsna coilltiḃ.
Agus do ḃéara crann an ṁaċaire a ṫoraḋ, agus dó ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus béid go sáor iona ttalaṁ, agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, an tan ḃrisfios mé cuiḃriġe a ccuinge, agus ṫáirṫeoċus mé íad as láiṁ na druinge do ḃain a ṡeirḃís féin asta.
Agus do ḃéura misi síoṫċáin ánnsa tír, agus luiḋfiġe síos, agus ní ċuirfe éandunie eagla oruiḃ: agus coiscfiḋ mé droíċḃeaṫaíġ don dúṫaiġ, ní mó raċas an cloiḋeaṁ tré ḃur ḃfearann.
Agus ar mbeiṫ Dioruáiḋ ar tí a ṫaḃairt amaċ, sa noiḋċe sin féin do ċodail Peadar eidir ḋís saiġdíuir, ar na ċeangal ré ḋá ṡláḃraḋ: agus do ḃádar an luċd coiṁéuda ag coiṁéud an ṗriosúin ag an dorus.