Aṁáin taḃair aire ḋuit féin, agus coiṁéud ṫanam go dúṫraċdaċ, deagla go ndearmadfá na neiṫe do ċonnairc do ṡúile, agus deagla go scairfaidís ré do ċroiḋe uile laéṫeaḋ do ḃeaṫá: aċd múin dod ṁacuiḃ íad, agus do ṁacuiḃ do ṁac;
Ní ḋealoċuiḋ an leaḃarsa an dliġe red ḃéul; aċd biáiḋ tú ag meaḃair ann do ló agus doiḋċe, ċor go ttiuḃra tú haire do nuile ní da ḃfuil sgrioḃṫa ann do ḋéanaṁ: óir ann sin do ḋéana tú do ṡliġe suṫuin, agus éireoċuiḋ leaċd go maiṫ annsin.
Uime sin coṁnuiġeaḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ. Dá gcoṁnuiġiḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ, biáiḋ siḃse mar an gcéudna ḃur gcóṁnuiġe sa Ṁac, agus sa Naṫair.
Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.