Annsa seisuġaḋ ceud blíaġan dáois Naói, annsa dara mí, an seaċdṁaḋ lá déug don ṁí, an lá sin fein do brisioḋ a níos toibreaċa a naigein ṁoir uile, agus do hosglaḋ coṁluiġe uisge niṁe.
An ḃfuil áon a measc dioṁaóinis na ngeinteaḋ do ḃéaraḋ fearṫuinn? nó an ḃféuduid na neaṁa fearṫuinn do ṫaḃairt úaṫa? naċ tusa féin é ar TTIĠEARNA Día? uimesin feiṫfiom ort: óir as tú do rinne na neiṫesi uile.
Bíṫí meanmnaċ maseaḋ, a ċlann Sion, agus lúaṫġairiġiḋ annsa TIĠEARNA ḃur Ndía: óir ṫug sé an ċeidḟearṫuinn díḃ go measarḋa, agus do ḃeara sé air an ḃfearṫuinn teaċd a núas ċugaiḃ, an ċeidḟearṫuinn, agus a nfearṫuinn ḋeiġionaċ annsa ċéiḋṁí.