19 Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA an talaṁ le na ġliocas; le tuigse do ḋaingniḋ sé na flaiṫeaṁnuis.
Cait a raiḃ tusa núair do ṡuiġiḋ misi bunáit an doṁuin? foillsiġ, má tá tuigse agad.
Ca líon hoiḃreaċa, a ṪIĠEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talaṁ lán dot ṡaiḋḃrios.
An té do rinne na flaiṫis le heagna: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.
Do ṡealḃuiġ an TIĠEARNA mé a ttosaċ a ṡliġeaḋ, roiṁe a oibreaċaiḃ a nallúd.
Do rinne sé an talaṁ le na ċuṁaċt, sé do ḋaingniḋ an talaṁ lé na eagna, agus do ṡín amaċ na neaṁa le na ġliocus.
Do rinne sé an talaṁ lé na ċuṁaċt, do ḋaingniġ sé an doṁan lé na ġliocus, agus do ṡín sé amaċ na flaiṫis le na ṫuicsin.
Leisean a táid na huile neiṫer déunta, da ndéarnaḋ.