Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día, Féuċ, atá an duine ar na ḋéunaṁ mar áon aguinn féin, dfios maiṫeasa agus uilc: agus a nois, deagla go ccuirfeaḋ a láṁ amaċ, agus go nglacfaḋ fós do ċrann na beaṫa, agus go níosfaḋ, agus go mairfeaḋ go bráṫ:
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.
Agus a lár na ṡráide, agus ar gaċ táoḃ don tsrúṫ, do ḃí crann na beaṫa, do ḃeireaḋ ḋá ṫóraḋ ḋéug úaḋ, agus do ḃeireaḋ a ṫóraḋ úaḋ gaċa míos: agus do ḟoġlain duille an ċroinnsin ċum leiġis na gcineaḋaċ.