17 Is sliġṫe soláis a sliġṫe, agus is síoḋċain a casáin uile.
Molaiḋ an TIĠEARNA. Is beannuiġe an duine air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, agá ḃfuil dúil iona aiṫeantaiḃ go ro ṁór.
Cred é millse do ráiḋte dom ċarbad! ní is millsi ná mil dom ḃéul!
Do ġáirdiġios a sliġe ṫfíaḋnuiseaḋ, mar buḋ ann a nuile ṡaiḋḃrios.
Atá síoṫċáin ṁór don luċt ġráḋuiġeas do ḋliġeaḋsa: agus ní ḃfuil ceap tuisliġe na naġaiḋ.
Do ḃí mían agam ad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA; agus isé do ḋliġeaḋ maóiḃneas.
Agus biáiḋ dúil agam féin ann haiṫeantaiḃ, noċ do ġráḋuiġ mé.
Is trócaire agus fírinne sliġṫe an TIĠEARNA uile don luċd ċongṁus a ċunnraḋ agus a ḟiaġnuiseaḋ.
Aċt géuḃuid na ceansuiġṫe oiġreaċd a nfearuinn; agus biáiḋ a ndúil a niomad na síoṫċána.
A nuáir ṫaitnid sliġṫe an duine leis an TTIĠEARNA, do ḃeir sé air a náṁaid féin ḃeiṫ síoḋaċ ris.
A nuáir raċus a neagna a steaċ ann do ċroiḋe, agus ḃías éolus taitneaṁaċ dot anam;
Oír is ní solásaċ é, má ṫaisgionn tú a stiġ ionnad íad; béid fós iomċuḃaiḋ ann do ḃéul.
Coiṁdeoċuiḋ tú an té sin a síoṫċáin iomláin, noċ agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do ḃríġ go ḃfuil a ḋóiġ ionnad.
Cruṫuiġim toraḋ na bpuisíneaḋ; Sioṫċáin, síoṫċáin don tí ḃíos a nimċéin, agus don tí atá ḃfogus, a deir an TIĠEARNA; agus leiġeosuiḋ mé é.
Do ṫaḃairt soillsi don droing do ḃí na suiḋe a ndorċadas agus a sgáile an ḃáis, agus do ḋíorġaḋ ar gcos a sliġe na síoṫċána.
Ar a naḋḃarsin tar éis ar soárṫa tré ċreideaṁ, atá sioṫċáin aguinn ré Día tré ar Dtiġearna Iósa Críosd: