13 Is beanuiġe an té do ġeiḃ eagna, agus an duine do ġeiḃ tuigsi.
Ní héidir a faġáil ar ór, ní mó ṫoiṁeostar aírgiod ar son a luáċa.
Ní tiucfuiġṫear ṫar críoḃél, nó ṫar ṗéarluiḃ: óir atá lúaċ na crionnaċda ós cionn na ccloċ mbúaḋa.
Ní coiṁmeas ré Topas na Hetiope í, ní mó coṁṫromar í le hór fíorġlan.
Is féarr ḋaṁ dliġeaḋ do ḃéil ná na mílte dór agus dairgiod.
Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod?
An té scaras é féin tré ḟonn, íarruiḋ agus beanaiḋ sé ré gaċ uile eagna.
Má íarrair í aṁuil airgiod, agus go spíonfuiḋ tú da híarruiḋ mar ionnṁusaiḃ foluiġṫeaċa;
Atáid síad uile soilléir don tí ṫuigios; agus díreaċ don droing do ġeiḃ éolus.
Ní mó is taoḃ ṫall dfairge atá sí, go naibeorṫá, Cía raċus tar fairge a nonn uáinn, dá taḃairt ċuguinn, ċor go gcluinfemis, agus go ndéinmís í?