11 A ṁic, na tarcuisniġ smaċtuġaḋ an TIĠEARNA; agus na bí curṫa ḋá ċeartuġaḋ:
Aċt a nois ṫáinic sé ort féin agus do ṫeid tú a nanḃfainne; do ḃean sé riot, agus ata tú buaiḋearṫa.
Féuċ, is beannuiġe an té smaċtuiġeas Día; uimesin na tárcuisniġsi smaċtuġaḋ a Nuile‐ċuṁaċtuiġ.
Is beannuiġe an duine, a ṪIĠEARNA, noċ smaċduiġios tusa, agus ṁúineas tú as do ḋliġeaḋ;
Má anḃfainniġionn tú a ló na haindeisi, is beag do neart.
Giḋeaḋ an tan ḃeirṫear breaṫ oruinn, is ris an Tiġearna smaċdaiġṫear sinn, deagla ar ndamnaiġṫe maille ris a tsáoġal.
Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ don ṁiniosdrálaċdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní ṫeiġmid a nanḃfuinne;
Cuiṁneaċa tú mar an gcéadna ann do ċroiḋe, aṁuil, smaċduiġeas duine a ṁac, gur mar sin smaċduiġios an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa.
Oír smuáiniġ riḃ féin ar an tí úd do ḟulaing a ṡaṁuil sin do ċaint do ċurn a aguiḋ féin ó ṗeacaċuiḃ, deagla ḋul a dtuirse agus a nanḃfainne ḋiḃ ann ḃur ninntinniḃ.
An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.