Agus do ḟreagair Asariah árdṡagart ṫiġe Sádoc é, agus a duḃairt, O a núair fár ṫionsgnadar an pobal na hofrála do ṫaḃairt a steaċ go tiġ an TIĠEARNA, do ḃí go lór aguinn ré iṫe, agus dfágḃamar go lór: óir do ḃeannuiġ an TIĠEARNA a ṗobal; agus an ní do fágḃaḋ sé an stór mórso é.
Agus ann gaċ uile obair dar ṫionnsguin sé a serḃís tiġe Dé, agus annsa dliġeaḋ, agus annsna haiṫeantuiḃ, díarruiḋ a Ḋé, do rinne sé é re na ċroiḋe iomlán, agus do ḃí se sona.
An ḃfuil an síol fós annsa scioból? aseaḋ, fós ní ṫug a nfíneaṁuin, agus an crann fíge, agus an pomgranat, agus an crann ola, a ṫoraḋ: ón ló so amaċ beinneoċa me siḃ.
Agus gioḋ bé ḃéuras cupán duisge ḟúar aṁáin ré na ól do áon do na daóiniḃ beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ċaillfiḋ sé a lúaiḋeaċd.
Agus tiucfaiḋ an Leḃíteaċ, do ḃríġ naċ ḃfuil roinn nó oiġreaċd aige maille leaċdsa, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, íosuid agus béid sáiṫeaċ; ċor go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú an gaċ uile obair do láiṁe noċ do ní tú.
Fuaigeoruiḋ an TIĠEARNA a ḃeannuġaḋ ort ann do ṫiġ stórúis, agus ann gaċ uile ní iona ccuírfe tú do láṁ; agus béinneoċuiḋ sé ṫú ansa dúiṫċe do ḃeir do TIĠEARNA Día ḋuit.