Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ.
Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.
A ḋearḃraiṫre, má ġreamuiġṫear neaċ a gcóir ar biṫ go hobann, tuguiḋse a ḋream spioradálta, a ṡaṁuil sin do ḋuine ar a ais ré sbiorad ceannsaċda; ag taḃairt aire leaċd féin a ḋuine, naċ ccuirfiḋe cáṫuġaḋ ortsa mar an gcéuḋa.
Guiḋim ṫú, na tugaḋ mo ṫiġearna, toraḋ ar an té so do ṁuinntir Ḃélial, eaḋon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm ḋó, agus leiṁe atá aige: aċd misi do ḃanóglaċ ní ḟaca mé ógánuiġ mo ṫiġearna noċ do ċuir tú úait.