Oír is marso a déaruiḋ an Táon árd úaċdaraċ noċ áitreaḃus a siorruiġeaċd, darab ainm Náomṫa; áitreaḃad ann sa náit áird agus náoṁṫa, agus maille ris an té atá do spioruid ċoṁmbrúiġte agus uṁail, daiṫḃéoġaḋ spioraide na nuṁal, agus daiṫḃéoġaḋ croiḋe na druinge ḃios coṁmbrúiġte.
Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.
¶ Do ṁeall úaḃar do ċroiḋe ṫú, ṫusa ċoṁnuiġios a scalpuiḃ na carrag, ar ḃárd hionad coṁnuiḋe, noċ a deir iona ċroiḋe, Cía ḃéaras misi síos ċum na talṁan?
Noċ do ḃeaṫuiġ ṫú san ḃfásaċ lé manna, naċ ar ḃfeas dot aiṫriḃ, ċor go nuiṁleoċaḋ sé ṫú, agus go ndearḃoċaḋ sé ṫú, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋuit ann daimsir ḋeiġionuiġ;)
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.