Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.
¶ Agus do ċuáiḋ Mordecai amaċ as laṫair an ríġ a néadaċ ríoġa do ġorm agus do ḃán, agus maille re morċoróin óir, agus le culaiḋ línéuduiġ ḟinealta agus ṗurpair: agus do ġáirdiġ caṫair Ṡúsan agus do ḃí sí lúaṫġáireaċ.
Marsin dfill mé, agus do ṁeas mé a nuile leaṫtrom do níṫear fá ngréin: agus féuċ déora na druinge do ḃí fa leaṫtrom, agus ní raiḃ caḃárṫaċ aca; agus air ṫáoḃ na muinntire do rinne léaṫtrom orra do ḃí neart; aċd ní raiḃ caḃarṫaċ air biṫ acasan.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.
Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.