¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Agus an tan do ċunairc sé an slúaġ, do ġaḃ truáiġe ġéar ḋóiḃ é, ar son go raḃadar curṫa, ar na leaṫnuġaḋ agus ar na sgaraḋ, mar ċáorċa ag naċ ḃfuil tréadaiġe.
Aċd an tí ḟéuċas go grinn ar reaċd diongṁálta na saóirse, agus ċoṁnuiġeas ann, do ḃríġ naċ fear éisdeaċda dearmadaċ é, aċd fear gníoṁa do ḋéunaṁ, biáiḋ sé beannuiġe ann a ġníoṁ féin.
Agus do ḃí an leanaṁ Samuel ag míniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Eli. Agus bá mórluáiġ bríaṫar an TIĠEARNA ansna laéṫiḃ sin; ní raiḃ fios ós áird ann.