11 Foillsiġ an tamadán a intinn uile: aċt congṁuiḋ an duine críonna a stiġ é nó go ttíg na ḋiáiġ sin.
Aiṫeantar air ball fearg a namadáin: aċt folċuiġ an duine críonna náire.
Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.
Socruiḋ eagna a ccroiḋe an té agá mbí tuigsi: aċt foillsiġṫear an ní atá a meaḋón na namadán.
Cuiriḋ discréid duine a ḟearg air cáirde; agus isí a ġlóir míríaġuil do léigean ṫairis.
Uimesin toċdfuiḋ an duine críonna san namsin; oír is droċaimsir í.
¶ Ná dóṫċusaiġ a ccaruid, ná cuiriḋ dóṫċus a néoluiḋe: coiṁéad doirsi do ḃeil ón ṁnaói luiġios ann huċt.
Ar ċor gur innis di a ċroiḋe uile, agus go nduḃairt ría, Níor cuireaḋ sgían ḃearrṫa ríaṁ ar mo ċeann; do ḃríġ gur Nasaríteaċ do Ḋía mé ó ḃroinn mo ṁaṫar: ma ḃeárrtar mé, annsin raċaiḋ mo neart uáim, agus biáiḋ mé lag, agus biáid mar ḋuine eile.