Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 29:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Fúaṫuiġid na daóine fuilteaċa an tionnruic: aċt íarruiḋ an duine ceart a anam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 29:10
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós aonduine aṁáin, lé a ḃféadfuimís ceastnuġaḋ um an TTIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agamsa air, óir ní ṫairġireann sé maiṫ ḋaṁ go bráṫ, aċt olc gaċ uile úair: sé sin Micaiah ṁac Imla. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ marsin.


Sáor mé ó luċt oibriġṫe na hurċóide, agus coiṁéad mé ó ḋaóiniḃ fuilteaċa.


Is milis do nanam an fonn do ċoiṁlíonaḋ: aċt is aḋḟúaṫṁaireaċt do na hamadánaiḃ dealuġaḋ ris a nolc.


Bí an duine éaigceart na aḋḟúaṫṁaireaċt ag an duine ċeart: agus an té ḃíos fíréanta iona ṡliġṫiḃ bí sé na aḋḟúaṫṁaireaċt don ċiontaċ.


Má ní duine críonna imreasan ré hamadán, má ḃionn sé ar buile nó ag gaire, ní ḃí suáiṁnios ann.


An ccúiteoċṫar maiṫ le holc? óir do ṫoċladar poll dom anam. Cuiṁniġ gur ṡeas mé ad ḟíaġnuise do laḃairt maiṫiosa ar a son, diompóġ ṫfeirgesi úaṫa.


Marsin do ṫairngiodar a níos Ieremiah re córduiḃ, agus ṫugadar súas as an ccarcuir é: agus dfan Ieremiah a ccúirt an ṗríosúin.


¶ A nois a nuáir do ċúaluiḋ Ebed‐meleċ an Tetíopeaċ, áon do na seomradóiriḃ do ḃí a ttiġ an ríġ, gur ċuireadar Ieremiah annsa ċárcair; (an ríġ na ṡuiġe an tan sin a ngeata Ḃeniamin;)


Agus a duḃairt Iósa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní ḃfuil a ḟios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduiġsion, do ṫeilgeadar crannċar orṫu.


Aċd ní ó ḋuine do ġeiḃimsi fíaḋnuisi: aċd a deirim na neiṫer so do ċum go slaíneoċṫáoi siḃsi.


Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé.


A Ḃraiṫre, go deiṁin atá deaġṫoil mo ċroiḋe agus murnuiġe ċum Dé ar son Isráel, ċum a slánniġṫe.


As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ