Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 29:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 An té, ġeiḃ aċṁusan minic agus ċruáiḋiġios a ṁuinéal, milltear é go hobann, agus gan tárṫáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 29:1
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Elias an Tisbiteaċ, noċ do ḃí dáitreaḃaiḋ Gílead, ré Hahab, Mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, a laṫair a ṡeasuimse, ní ḃiáiḋ drúċd nó fearṫuinn annsna blíaḋnuiḃsi, aċd do reír mfocuilsi.


¶ Agus do ḟreagair seision, Níor ḃuaiḋir misi Israel; aċt tusa, agus tiġ haṫar, mar do ṫréigeaḃair aiṫeanta an TIĠEARNA, agus mar do lean tú Baalim.


Agus a duḃairt se ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn gur léig tú uáit as do láiṁ duine do órduiġ misi do léirsgrios, uimesin raċaiḋ hanamsa ar son a anmasan, agus do ḋaóine ar son a ḋaoine.


Agus a duḃairt Micaiah, Má ṫig tú ar éanċor a síoṫċain, níor laḃair an TIĠEARNA ṫríomsa. Agus a duḃairt seision, Eistiġe, a ṗobal, gaċ eile ḋaoíḃ.


Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Manasseh, agus re na ḋáoiniḃ: aċ níor ḃáill leo toraḋ do ṫaḃairt air.


Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.


Agus do níṫeá fiaḋnuisi na naġaiḋ, iondus go ḃféadfa a ttaḃairt a ris fad ḋliġeaḋ: do rinneadar fós go huáiḃreaċ, agus níor éisteadar red aiṫeantuiḃse, aċt do ṗeacuiḋeadúr a naġaiḋ do ḃreiṫeaṁnusa, (noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionta;) agus do ṫarruingeadar ċuca a nguaille, agus do cruáiḋiġeadar a muinéil, agus nior ḃáill leo éisdeaċd.


Is glic é a ccroiḋe, agus is cuṁaċtaċ a neart: cía ċrúaḋuiḋ é féin na aġaiḋ, agus rug buáiḋ?


Agus do ċuir Ṗárao fios amaċ, agus, féuċ, ní ḋeaċuiḋ áon aṁáin déug dáirneis Israel. Agus do crúaḋuiġeaḋ cróiḋe Ṗárao, agus níor léig don ṗobal imṫeaċd.


Is sona an té air a mbí úaṁan do ġnáṫ: aċt an té ċruáiḋiġios a ċroiḋe tuitfiḋ sé a ttubaisde.


Giḋ be ṡiúḃluiġios go fíréanta biaiḋ sé sáor: aċt an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ tuitfe sé a néinḟeaċt.


A nuáir éirġid na droċḋaoine, folċuid na daoine íad féin: aċt a nuáir imṫiġid seaċad, líonuid na fíréin.


Ar a naḋḃarsin tíucfuíḋ a anacair go hobann; air ball brisfiġṫear é gan tárṫáil.


Anois ar a naḋḃarsin na bíṫíse ḃur luċd magaiḋ, deagla go ndéantaoi ḃur ccuiḃriġṫe láidir: óir do ċúala mé ón Dtiġearna DIA na slóġ aiḋṁilleaḋ, ar na ṫionnscnaḋ ar an ttalaṁ go hiomlán.


Do ḃríġ go raiḃ a ḟios agam ṫusa do ḃeiṫ easurramaċ, agus do ṁuinéal na ḟéiṫ íarruinn, agus do ṁala na ṗrás.


Ar ṫréig tú Iúdah ṫríd amaċ? ar ḟúaṫaiġ hanam Sion? cred fár ḃuáil tú sinn, agus gan ċaḃair ar ḃiṫ oruinn? do ḃi súil aguinn re síoṫċáin, agus ní ḃfuil maiṫ ar biṫ annsin; agus re ham tárṫála, agus féuċ búaiḋreaḋ!


Aċt níor áontniġeadarsan, agus níor ċláonadar a cclúas, aċt do rinneadar a muinéil seasṁaċ, ċor naċ ccluinfidís, agus naċ géaḃaidís teagasc.


Agus smaċdeoċa misi é féin agus a ṡíl agus a ṡerḃiseaċ ar son a néigceirt; agus do ḃéara mé orra, agus air aitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus air ṁuinntir Iúdah, a nuile olc dár ḟúagair mé na naġaíḋ; aċt níor éisteadarsion.


Naċ éireoċuid androng ġoirteaċus ṫú súas go lúaṫ, agus naċ múisceoluiḋ an ní ṫú ḃuáiḋirtios tú, agus biáiḋ tú mar éadáil aca?


Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ.


Do ḟreaguir, As é an té, ḋá dtioḃra misi greim aráin, déis a ṫumṫa. Agus ar na ṫuma ṫug sé an greim do Iúdás Iscaríot ṁac Síomóin.


Uime sin do ṡoláṫair an fearso fearann ré lúaċ éagcora; agus ar dtuitim ḋó a ndiáiġ a ċinn, do ḃris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amaċ.


Do ġlacaḋ ionuid na miniosdrálaċda so agus na habsdaltaċda, ó a ndeaċuiḋ Iúdas ar seaċrán, ionnus go raċaḋ sé ḋá ionad féin.


Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.


Má ṗeacuiġeann neaċ a naġaiḋ a ċéile, do ḋéana an breiṫeaṁ breiṫeaṁnus air: aċd má ṗeacuiġeann duine a naġaiḋ an TIĠEARNA, cía laiḃeorús ar a ṡon? giḋeaḋ níor ċuireadarsan suim a mbriaṫruiḃ a naṫar, do ḃríġ go muirfeaḋ an TIĠEARNA íad.


Agus bíáiḋ so na ċoṁarṫa agad, noċ ṫiucfas ar do ḋías mac, ar Hóṗni agus ar Ṗinehas; éagfuid aráon a néanló.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ