Fúaṫuiġid uile ḋearḃráiṫre an ḃoiċt é: cá ṁéad nísa ṁó ná sin ṫíaġaid a ċáirde uile a ḃfad uáḋ? leanuiḋ sé íad lé briaṫraiḃ, giḋeaḋ bíd síad do ḋíṫ air.
Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Go ttug sé amaċ air úsúireaċt, agus gur ġlac sé biseaċ: maseaḋ an mairfiḋ sé? ní ṁairfiḋ: do rinne sé na gráineaċaso uile; éugfuiḋ sé go deiṁin; biáiḋ a ḟuil air féin.
Noċ dó ṫóg a láṁ do na boċtaiḃ, nar ġlac úsúireaċt nó biseaċ, do rinne mo ḃreiṫeaṁnusa, do ṡiuḃail ann mo reaċtaiḃ; ní éugfa sé ar son éigceart a aṫar, go deiṁin mairfiḋ sé.