¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;
Agus do innsiodar don ríġ ḋá ráḋ, Féuċ Nátan an faíḋ. Agus an tan ṫáinic sé a steaċ a ḃfiaḋnuise an ríġ, do ċláon sé é féin a laṫair an ríġ le na aġaiḋ ċum na talṁan.