Agus an trnáilleoċṫaói misi a measc mo ṗobail féin air ḋornánuiḃ éorna agus air ċotċaiḃ aráin, do ṁarḃaḋ na nanmann naċ éugfaḋ, agus do ċuṁdaċ na nannman mbéo naċ mairfeaḋ, le ḃur ndéanaṁ bréag rem ṁuinntirsi noċ ċluinios ḃur mbréaga?
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na bfáġ ḃeir air mo ṗobal earráid do ḋéanaṁ, noċ ḃeirios greim re na ḃfíaclaiḃ, agus ḟúagrus, Síoṫċáin; agus ullṁuiġid cogaḋ a naġaiḋ an té, naċ ccuirionn ann a mbéul:
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.
Oír an luċd is cosṁuil ríu so, ní don Tiġearna Iósa Críosd do níd síad seirḃís, aċd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briaṫraiḃ millsi agus ré cluain croiḋṫe na ndáoine neaṁurċóideaċ.
Ní ṫiuḃarṫáoi meas ar ṗearsannuiḃ a mbreiṫeaṁnus; aċd éistfiḋe an beag mar an mór; ní ḃiáiḋ eagla oruiḃ re gnúis ḋuine; óir is lé Día an breiṫeaṁnus: agus an ċúis ḃías roċruáiḋ oruiḃ, tugaiḋ ċugamsa, agus éistfe me í.
Agus tré ṡaínt béid dá ḃur nimċeannuiġeaċd maille ré bríaṫruiḃ blasda; dream ḋár cinneaḋ fada ó ṡin damnuġaḋ náċ dtéid a ṡíneaḋm agus ní ġaḃann codlaḋ an sgrios ṫiucfus orrṫa.