Aċ do ṫeiṫ Absolon. Agus do ṫóg an tóganaċ do ḃí ag coiṁéud na faire a ṡuile súas, agus daṁairc sé, agus, féuċ, ṫangadar mórán dáoine annsa tsliġe ré táoiḃ an ċnoic táoḃ ṡíar ḋe.
Agus do hinnseaḋ don ríġ Solaṁ gur ṫeiṫ Ioab go tabernacuil an TIĠEARNA; agus, feuċ, atá sé ag an naltóir. Ann sin do ċuir Solaṁ Benaiah mac Iehoiada, ġa ráḋ, Imṫiġ, tiomáin air.
Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Nar ṁarḃ tú, agus fós nar ġaḃ tú sealḃ? Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, An tionad ann ar liġeadar na madruiġ fuil Nábot annsin liġfiḋ na madruiġ, eaḋon ṫfuilsi féin.
Go deiṁin do ċonnaírc mé a né fuil Nábot, agus fuil a ṁac, ar sa an TIĠEARNA; Agus cúiteoċuiḋ mé riotsa annsa náitsi, ar sa an TIĠEARNA. Anois ar a naḋḃarsin tóg agus teilg é annsa ġárrḋa, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA.
Agus ar ḃfaicsin na péisde croiċde as a laiṁ do na dáoiniḃ barbarṫa, a duḃradar ría ċéile, Go deiṁin is fear dúnṁarḃṫa é, dá naċ ḃfuilngeann dioġaltus Dé a ḃeiṫ beó, gioḋ ṫáinic sé slám ón ḃfairge.
¶ Aċ má ḟúaṫuiġionn duine ar biṫ a ċoṁarsa, agus go mbiáiḋ a ḃforaire air, agus go néireoċuiḋ air, agus go mbuáilfiḋ go marḃṫaċ é ċor go ḃfuiġe bás, agus teiṫiġ sé go caṫruiġ ḋíoḃso: