¶ Ann sin do ḃúail Menahem Tipsah, agus gaċ a raiḃ innte, agus a cóstaḋa ó Ṫirsah: do ḃríġ nar ḟoscladar roiṁe, uime sin do ḃúail sé í; agus do scoilt súas a raiḃ do ṁnáiḃ torrċa innte.
Agus do iompóiġ seision ar a ais, agus dféuċ orra, agus do ṁalluiġ sé íad a nainm an TIĠEARNA. Agus ṫáinig amaċ ḋá ṁaṫġaṁuin ḃainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fiṫċiod leanaṁ ḋíoḃ.
Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.
Teigeoṁa mé ríu aṁuil beiṫir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroiḋe, agus annsin sluigfiḋ mé íad aṁuil leoṁan: réubfuiḋ an beaṫaċ álta íad.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.